Amhrán Cuigéil - John Beag

Amhrán Cuigéil

View chords used in this chart
[Verso 1]
Em C D
Tá trácht is cliú agus cáil, Anois le fada na lá,
Em C D
Ar Chill Chiaráin, Leitir Móir is ar Chinn Mhara,
Em C D
Ar Mhuínis, Cloch na Rón, An Dóilín is Clais na nUamhan,
Em D Em
Is nach i gCarna bhíonns an spóirt aainn lá Mhic Dara
Em C D
Nach aoibhinn is nach breá, Bheith i do sheasamh ar an aird,
Em C D
Is tú ag féachaint ar na rástaí i gCuan Chaisín.
Em C D
Ó na soithigh ag gabháil chun seoil, Gleoiteog, púcán is bád mór,
Em D Em
Ó rástaí currach adhmaid is currach canbháis.#
 
[Verso 2]
Em C D
Tá Púcán Pheaitín Rua, Is í ag tournáil siar ó thuaidh,
Em C D
Is ina diaidh sin tá Púcán Pháraic Dharach
Em C D
Is deacair tada a dhéanamh dhóibh, Go dté siad siar is aniar faoi dhó,
Em D Em
Mar níor buaileadh mórán fós ar Phúcán Bharrett.
Em C D
Tá John Dáirbe goite chun cinn, Agus an Ráinneach lena thaobh,
Em C D
Agus Beaincs agus í ag tournáil in aghaidh gala.
Em C D
Ó Peigín Chóilín Joe, Is tá gruaite aici ann faoi dhó
Em D Em
Agus gleoiteog Mhichael Kelly as an Máimín.
 
[Verso 3]
Em C D
Tá moladh mór le fáil, Ag an dream seo a dhéananns báid,
Em C D
Is tá moladh mór ag dul do Pháraic Dáirbe, Mar rinne seisean bád,
Em C D
Ón bposta go dtí an ball, Agus réitigh sé amach í le haghaidh geallta.
Em D Em
Nuair a thiocfas lá an gheall, Beidh daoine ann as chuile áit,
Em C D
Ón Spidéal, Ceathrú Rua, Rosmuc is Camus.
Em C D
Beidh Óst na nOileán lán, Beidh ardán ar an tsráid,
Em D Em
Is beidh Terry is Tomás Sheáinín thuas ag damhsa.
 
[Verso 4]
Em C D
Beidh an Micí gus an Star, An Merican is an Áirc,
Em C D
An Mermaid, an Hunter is Gleoiteog Bhaibín.
Em C D
Beidh Capall Johnny ann, Agus Dudley le dul sa gcrann,
Em D Em
Peaitín Mháirtín is a dhúidín lán go claibín.
Em C D
Nach aoibhinn leis an gcuan, Is leis na hoileáin atá buan,
Em C D
Beidh áit istigh mo chroíse dhíbh i gcónaí.
Em C D
Leis na fir a sheol na báid , Thríd an Daingean is thar an gCeann,
Em D Em
Is leis na saortha a chuir an craiceann ar na múnlaí.

How to play Amhrán Cuigéil

Use the controls above to change the key and text size. Follow the highlighted chords while listening, then practice each section slowly before playing at the original tempo.

What is the starting chord?

The first identified chord is Em. You can transpose without leaving the page.

Can I play it on guitar or keyboard?

Yes. The chord progression works on acoustic guitar, electric guitar and keyboard. Adapt the voicings to your instrument and level.

More chords by John Beag

Advertisement
Advertisement