Amhrán Leeds
View chords used in this chart
[Verso 1]
C F C Am F
Céad slán le Sasana nár dheas an áit thú, mar is ann ab fhearr liom riamh socrú síos,
C F C F C
Bhíodh obair dheas agam ann 's mé fáil mo phá, bhí saol thar barr agam 's mé i mo chónaí i Leeds.
C F C F
Ach bhí an mí-ádh stracadh liom go dtug mé aird air nó gur thóg mé an bád bán abhaile arís,
C F C G C
Bhí fáilte ag mathair romham is an áit le fáil agam 's mo Mháirín sásta gur fhill mé arís.
[Verso 2]
C F C Am F
Bhí rún agam casadh más luath nó mall é ach ar nós gach nádúr bhí sé istigh mo chroí,
C F C F C
Cén áit is deise leat ná an baile a dfhág tú i measc do chairde is do dhaoine gaoil?
C F C F
Tá píosa talún ann tá teach ceann slátaí, tá beithígh 's bád ann 's neart caoirigh ar shliabh??
C F C G C
Níl tada ag teastáil uaim ach bean bhreá láidir 's tá Máirín fágtha fós sa teach seo thiar.
[Verso 3]
C F C Am F
Tá na blianta ag breith uirthi a bhíonn daoine rá liom 's níor thug sí aon aird ar aon fhear fós,
C F C F C
'séard a dúirt mo mhuintir liom ó fan mar atá tú 's beidh seans ar ball agat ar chailín óg,
C F C F
Ó ní ag caitheamh anuas é ar an áit ar fhág mé ach i Leeds i North Street is ann a bhíodh an spraoi,
C F C G C
Bhíodh piontaí Tetleys ann 's Johnny Walker, ní bheadh pian i gceann leat ná cloigeann tinn.
[Verso 4]
C F C Am F
Ó sé mo bharúil go mbeidh mé arís ann mar níor shocraigh mintinn leis an tír seo fós,
C F C F C
Ní fheicim obair ar mhuir ná ar thír ann ach mair mas mian leat má fhaigheann tú an dole.
C F C F
Ó tháinig an cigire amach ón Roinn agam, ní ar cuairt a bhi sí ach mar gheall ar Dole,
C F C G C
's nár cheap mo mháthair gur bean as Leeds i tráth ar fhiafraigh sí ar faoin díon seo a chónaíonn Joe.
[Verso 5]
C F C Am F
Tá Joe sa mbaile anois ó thús an Gheimhridh Óóóó ní bhfuair sé pingin uaibh ná scilling fós
C F C F C
Ach sé mo bharúil gurb é Leeds arís é is maith luath Dé hAoine a bheidh mé Roundhay Road,
C F C F
Beidh obair sheasta agam ann gan mórán imní, cead codladh suaimhneach 's corr phionta a ól
C F C G C
i bhfad ón spíodóir atá faire scríobh ort dá mbeadh uan ag caora leat ná lao ag bó.
How to play Amhrán Leeds
Use the controls above to change the key and text size. Follow the highlighted chords while listening, then practice each section slowly before playing at the original tempo.
What is the starting chord?
The first identified chord is C. You can transpose without leaving the page.
Can I play it on guitar or keyboard?
Yes. The chord progression works on acoustic guitar, electric guitar and keyboard. Adapt the voicings to your instrument and level.